Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eibhlín bean Uí Dhomhnaill, Leitir Catha, An Clochan Liath Tírchonaill a d’innisScéul Fa Cholm CilleFhad agus bhí Colm Cille i n-Albain bhí sé ag smaointiú ar Éirinn agus ar mhuinntir na hÉireann agus gidh go rabh sé fhéin i n-Albain bhí a chroidhe i nÉirinn.
Lá amháin cruinnigh sé a chuid manach fhad le cobha na leaptha chuige agus dubhairt leo, “Tá mise bhur bhfághail; tá mé ag gabhail a fhághail bháis agus seo an rud atá le h-innse agam dibh: Nuair a bhéas sibh a mó chur i gcomnair cuiridh buideal isteach ins an comhnair in mó cuideachta a mbéidh mó ainm scríobhtha air, agus leigidh an chomhnair amach leis an fhairrge.” Rinne na mánaigh mar hiarradh ortha.
Bhí go maith agus ní rabh go holc indiaidh seal aimsire thainic an comhnair i dtír i nInis Éoghain. Bhí fear ina comhnuidhe in Inis Eoghain agus bhí bó aige a dtugadh siad an Ghlas Gaibhleann uirthí. Lá amháin nuair a leigeadh amach an bhó shiubhail sí síos fhad leis an tráigh agus thúsuigh a ithe na feamnaighe a bhí ag fás a chois na trágha. Nuair a thainig an bhó isteach ‘un an bhoithigh tráthnóna ní rabhthar ábalta soithigh go leor a fhágail fa choinne a chuid bainne. Ar maidín la ar na bárach cuaidh fear a’ toighe síos fhad leis an trágh go bfeiceadh sé caidé ba cionntaigh le seo, agus fuair sé an comhnair agus feamnach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall