Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 25

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 25

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 25
  3. XML “Na Trí Duaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    comhnair a dearbhrathara agus chuaidh a chaoineadh. Chaoin sí ar feadh cúpla bomaite agus annsin d'imthigh.
    Ar maidin lá thar na bhárach bhí an chomhnair cumhdaighthe le pearlaí deasa. D'innis siad don rí goidé mar bhí. Dhúbail an rí an gárda an dara h-oidhche agus d'éirigh nan cleas céadna daobhtha ach bhí rósaí ar an chomhnair comh maith le pearlaí, cionnus go dteachaidh an cailín bocht a gháiridhe nuair a chonnaic sí na saighdiúirí uilig 'na gcodladh.
    Ar an treas oidhche dhúbail sé an gárda arais agus shuidh sé fhéin in a gcuideachta. Chuir sé sgathan mór ós a choinne ar eagla is go dtuitfeadh sé 'na chodladh no go bhfiecfidhe é.
    Ar a do-dhéag a chlog mhothuigh sé torman beag. Fosgladh na geaftaí go suaimhneach agus thainig an trup beag go dtí an doras agus le sin foscladh na doirse agus tchídh sé an lach bheag teacht isteach agus ag crathadh díthe a cuid cluimhrighe agus ag dul fhad leis an chomhnair agus ag caoineadh a dearbhrathara agus gáiridhe faoi na fir a bhí na gcodladh, agus ag nigh a cuid lámh san uisge coisreachta. Chonnaic sé fosta na rósaí, na pearlaí agus an t-iasg óir.
    Thug sé léim 'na sheasamh agus dhóigh sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0403: The Black and the White Bride
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Bean Mhic Amhalaidh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall