Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 57
- XML “An Madadh Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an madadh dubh léithe; “da mbá fhéin ingean rígh as Éirinn dheánfainn mo chuid.”
D’éirigh sí agus rinne sí a cuid. Dubhairt sé annsin, “da mbá fhéin ingean rígh as Éirinn rachainn a luighe.” Acht níor labhair sí aon fhocal ariamh leis an mhadadh dhubh. Ní raibh cead ag an mhadadh dhubh aon rud an innse díthe go labhaireadh sí fhéin an chéad uair.
Chuaidh sí a luighe, agus nuair a chodhluigh sí dar léithe gur luigh an teach anuas ina mullach, agus go rabh sí chomhair a bheith marbh. Chlis sí suas agus dubhairt sí –
“Caidé atá ag teacht orm?”
“is mór an gar” arsa an Madadh Dubh, “go bhfuair tú an chaint. Thig liomsa mo chomhradh a dheánamh leat anois,” arsa seisean. “Thig liom a bheith ag caint leat i gcomhnuidhe.”
“Tá mise fá gheasaibh,” arsa seisean. “Cé aca is fear leat mé a bheith mo mhadadh sá lá agus mo fhear ins an oidhche, no mo mhadadh ins oidhche agus mo fear sá lá?”
“Tá an oidhche uaigneach” arsa sise, “ agus is fear liom tú a bheith do mhadadh sá lá agus in do fhear ins an oidhche.”
Bhí siad ar an oileán go cionn bliadhna, go dtí go dtainig an madadh dubh isteach oidhche amháin agus gur dhubhairt go rabh coithrim mhóir le bheith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Dhuirnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall