Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 66
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Thug Fianna na taoibhe thuaidh cuireadh do Fhianna na taoibhe deas theacht chuca ar chuirim, acht gan airm ar bith a bheith leobhtha.”
Nóra bean Uí Dhuirnín, Cró Beithe, Clochán Liath, Tír Chonaill a d’innis.
Scéal
Bhí sin ann agus is fada ó bhí; da mbínn ann an uair sin ní bhéinn ann anois; da mbínn bodar ní chluinfinn é, da mbínn balbh ní chanfainn é, chumfainn fhéin sgéal sul a mbínn gan aon scéal.
Thug Fianna na taoibhe cuireadh do Fhianna na taoibhe deas theacht chuca ar chuirim, acht gan air mar bith a bheith leobhtha. Gheall Fianna na taoibhe deas go ndéanfadh siad sin. An lá a bhí siad ag imtheacht, smaoitigh máthair Ghoill go mb’fhéidir gur cuireadh feille a bhí ag gabhail ortha. D’iarr sí ortha arm éighinteacht a thabhairt leobhtha; ach dubhairt siad nach dtiocfadh leobhtha, no nar bhris siad a ngealltanas ariamh.
Cibé ar bith, nuair a bhí siad ag imtheacht, bá é Goll Mac Móirne an duine deireannach a chuaidh amach ar an doras. D’iarr a mhathair air arís arm éighinteacht a bheith leis, ach dubhairt Goll go bhfeicfidhe aige é. D’agair sí é a scian mhaide a chur i n-a phóca, agus rinne sé seo.
Nuair a shroich siad Dún Lúithche bhí féasta mór réidh fá n-a gcoinne. Cuireadh beirt bhan os coinne gach fear. Dubhairt Fionn nach rabh sin ceart, no nuair a bhéadh seisean ag cainnt le bean amháin, go mbeadh a chúl leis an mhnaoí eile. Bá seo a thús ach níorbh é a dheireadh. Thoisigh an argáil, agus do réir a chéile toisigh an troid.
Ní rabh arm ar bíth le Fianna na taoibhe taoibhe deas, ach le sin fhéin smaoitigh Goll ar a scian mhaide. Tharraing sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Dhuirnin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall