Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 75

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 75

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 75
  3. XML “Iníon Rí na Fraince”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar iochtar bhí áit iongantach galanta ann. Bhí toighthe ann lán de ór agus d’airgead. Chuaidh sé isteach i náit eile agus bhí an cailín ‘na suidhe annsin a ba deise a chonnaic sé ariamh. Chuaidh sé ‘un cómhraidh léithe agus ba goirid go bhfuair sé amach gur inghean an ríogh a bhí ann. Bhí luthgháir mhór uirthí-se duine de na cineál fhéin a fheiceáil, gus bhí oiread eile lúthghaire air-san cionnus i a fhághail oir chuimhnigh sé ar gealltanas an ríogh. Thug sé leis annsin í agus cuir isteach sa bhucóid í. Shin sise fáinne do annsin, agus dubhairt leis gach ar bith ar mhian leis iarraidh ar an fháinne go ndeánfadh sé é. Scairt an t-Éireannach leis an bheirt a bhí thuas an ropa tharraingt suas agus rinne siad sin. Nuair a chonnaic siad gurbh í ingean an ríogh bhí ann, rinne siad amach an t-Éireannach fhághail annsin agus dubhairt gurb’e iad fhéin a fuair í.
    Bhí lúthghair mhór ar an rí nuair a chonnaic sé go bhfuair an tSasanach no sin an rud a hinnsigheadh do a ingean. Bhí bainis mhór ann, ar mhair ar feadh sheacht noidhche agus seacht lá, no ba ghnathach an bhainis a dheanamh an t-am sin roimh an phósadh. Bhí an t-Éireannach bocht ag gabhail thart ins an áit ar fágadh é fhéin, agus ní rabh a fhios goidé bhí le deanamh aige. Sa deireadh smaoitigh sé ar an rud a dubhairt ingean an ríogh fa’n fháinne. Diarr sé ar an fháinne é fhágail thuas ins an teach bheag, agus níor luaithe a d’iarr na fuair sé é fhéin thuas ar uachtar. D’iarr sé air annsin é a fhágail ag teach an ríogh agus gan morán moille bhí sé ag dorais an caisleáin. Nuair a bhítear ag gabhail a phósadh ingean an ríogh agus an t-Sasanach, ní rabhthar ábalta fáinne a bhí ag an t-Éireannach, fhághail a rachadh ar a mear. Fiachadh an fáinne a bhí ag an t-Éireannach agus chuaidh sé suas ar a méar ar an chead iarraidh. D’innis inghean an ríogh an scéul fa’n dóigh a dtug sí an fáinne do’n t-Éireannach, agus an doigh ar fágadh thíos faoi’n talamh é annsin. Crochadh an t-Sasanach annsin, cionnuis bréag a innse, agus a bheith ag gabhail a phósadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Paidí Ac Cumhaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 60
    Seoladh
    Bun an Bhaic, Co. Dhún na nGall