Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rud a mheilt, mín, airgead, ór, arán agus gach uile rud. Slán agat anois agus na labhair le duine ar bith ar do bhealach."
"Go raibh maith agat," arsa'n fear bocht. D'imthigh sé un an bhaile agus d'iarr sé ar a mhnaoí eadach geal a fhághail ar an talamh faoi.
"Meil plúr," arsa'n fear.
Thoisigh an muileann ag mheilt go raibh oiread de ar an urlar agus gur iarr an fear air stad. Chuir sé sgéala chuig saorthaí theacht no dubhairt sé go raibh toighthe galanta a dhíth air,
D'ar leis fhéin go meilfeadh an rud a bhí ins an mhála toightibh, agus thug sé amach é. "Meil toighthe galánta," arsa seisean. Thoisigh an gleas ag meilt agus fa chionn uaire bhí cúig cinn de chaisleáin galánta deanta.
"Meil bocsaí móra agus beaga," arsa seisean. Thoisigh sé a mheilt bocsaí comh thuigh géar a's thiocfadh leis. Líon siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígíd Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall