Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bith.
Ba mhaithe léithe fios fághail goide a bhí siad a dheanamh leis an tsoitheach. Chuir sí piosa adhmaid isteach i dtóin an tsoithigh agus chuir sí poill ann, ins an doigh go rachadh an t-ór fríd. Thoisigh siad agus thomhais siad an t-ór agus bhí suas le céad punta óir aca.
Níor amharc siad ariamh ar na poill a bhí ann, ní thearn siad ach é a chur 'un an bhaile.
"Tá saidhbhreas ag do dhearbhráthair," arsa'n cailín miofar le na fear nuair a cuireadh an gléas chuca arais. Rinne an fear réidh, thug sé leis capall breagh agus d'imthigh sé fhad le teach a dhearbhrathaire. Nuair a chonnaic sé na toighthe galánta bhí iongantas air agus tugadh biadh agus deoch do agus nuair a chonnaic sé na siopaí bhí iongantas air.
Chonnaic sé an muileann agus chuir sé ceist ca bhfuair siad é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brígíd Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall