Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 17

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 17

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 17
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seachtmhain ina dhiadh sin pósadh an cailín óg áluinn agus Seán agus bhí bainfheis ann a mair sé mí agus ní rabh a'n duine ar an bainfheis a bhain sult agus pleisiúr as nó an fear beag dubh. Gan mhoill ina dhiaidh sin d'fág siad slán ag an rí agus thug seisean oiread óir agus airgid daobhtha agus nach mbéadh lá anais ortha fhad a's mhairfeadh siad. Agus an fear beag dubh, níor luaithe a d'imthigh an duine deireannach as an teach nó d'imthigh an fear dubh fosta agus ariamh ó shoin ní fhacthas é i mbaile nó i gcéin, ach féadann tú a rádh go rabh Seán biudheach i gceart dó nuair a threoruigh sé go caisleán an ríogh é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0505: Dead Man as Helper
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bríghid Nic Ailín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Mín Corrbhaic, Co. Dhún na nGall