Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 18
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí fear agus bean ann uair amháin agus fuair an fear bás. Fágadh an bhean léithe fhéin. Bhí mac amháin aici. Bhí siad bocht go leor. Bhí croc ime, greasán bainín agus cuilt gheal ag an mháthair. Lá amháin, chuir an mac ceist uirthí goidé a bhí sí dheánamh le croc an ime.
"O," arsa sise "tá sin fa choinne na coise tinne."
Lá eile chuir sé ceist uirthí goidé bhí sí ' dheánamh leis an ghréasan.
"O," arsa sise "tá sin a dhith fa choinne na cloigne nimhnighe."
Aon lá eile chuir sé ceist uirthí goidé bhí sí ' dheanamh leis an chuilt gheal.
"Tá," arsa sise "tá sin a dhith orm fa choinne na láimhe sgoilte."
Aon lá amháin d'imthigh sí ' na bhaile mhóir fa choinne punta siuchra. Tháinic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Dhuirnín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall