Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 232
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teineadh, agus iad ag ithe na bpreataí beaga, le solus na teineadh.
"An bhfuil bocsa beag ar bith agat nach bhfuil poll air?" arsa'n bacach leithe.
"Bocsa, an eadh?" arsa sise, "chan fhacaidh mé ceann aca ariamh."
Annsin chuaidh an fear bocht amach agus thug sé isteach cloch mheasartha mhór, agus d'fhág sé ar an urlár é.
"An bhfuil geir ar bith agaibh?"
arsa seisean.
"Tá leoga," arsa bean an toighe, agus chuaidh sí suas go cineal de sheomra a bhí ann, agus níorbh 'fhada gur phill sí agus cnap mór gearach léithe.
Thug sí do'n fhear bhocht í agus d'fhág sé ar an chloich í. Annsin las sé í, agus bhí solus breagh uirthí. Shuidh siad cois na teineadh agus d'ith siad a sáith de na preataí. Thainic am luighe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall