Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 236

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 236

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 236
  3. XML “Mar a Fuair Tulaigh an Leachta A Ainm”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    seacrán, agus cá raibh athrach le deánamh aici ach suidhe síos agus a sgríste a dhéanamh. Shuidh sí síos le taobh turtoighe agus chuir a cóta fa na ceann. Chuaidh an sgéala amach fríd an bhaile go raibh sí caillte sa cheo, agus roimhe i bhfad bhí muinntir Tulaigh na Gréine go h-uile agus go h-iomlán amuigh a cuartughadh. Chuartuigh siad i rith na h-oidhche agus ag teacht an lae ar maidín lá ar na bhárach fuaireas í ina suidhe ag bun na turtóige seo í agus í marbh, bhí sí ina suidhe annsin agus a cótafa na cionn. Dubhairt a mhathair agus a h-athair gur cóir í chur ins an áit a raibh sí marbh. Thóg muinntir Thulaigh na Gréine leachta cloch thart ar an áit a bhfuaireas marbh í. Agus sin mar fuair Tulaigh an Leachta a ainm.
    Sgéalaidhe: Máire Bhreathnach, Áirdmhín, Clochán-Liath.
    Aois: 46 bliadhain.
    Sgríobhnóir: Bríghid Bhreathnach, Áirdmhín, Clochán-Liath.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Bríghid Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall