Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 26
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)as.
Bhuail truaighe an gasúr agus arsa seisean "A athair mór, an tú atá ann? Tá tú caillte, coinnigh an phighinn seo agus ceannuigh cuilt no froc úr." Thug sé an phíghinn dó agus d'imthigh sé leis n-a bhaile. Ní raibh airgead ar bith aige agus nuair a chuaidh sé n-a bhaile, d'iarr a mhathair an t-airgead air.
"Ó," arsa seisean, "tá an t-airgead a dhith ortha fa choinne éadach a cheannacht."
"Cé a bhfuil sé a dhith air?" arsa'n mháthair.
"Ar m'uncal, ar m'aintín agus ar mo mhathair mhóir bhoicht fhéin." agus d'innis sé an sgéal duithe. Níor leig sí ar shiubhal 'un an bhaile mhóir é go dtí go bhfuair sé ciall.- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Nic Ailín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Croithlí, Co. Dhún na nGall