Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 28
- XML “An Bábhún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tógail aca-san agus gan a gabhail a bídh do-san.
D'imthigh an duine bocht agus ní rabh a fhios aige caidé an dóigh leis an dara doras a dhalladh. Shiubhail sé leis nó go dtáinic an oidhche. Le cuim na h-oidhche bhuail sé isteach i dteach bheag ar thaobh an bhealaigh mhóir. Ní rabh istuigh annsin roimhe acht shean-lánamhain, chríon chaithte na suidhe ar dhá thaobh na tineadh. D'iarr sé fosgadh an toighe go maidin. Ba é an gnás a bhí ann san am ag lucht siubhail a mbealach a íoc le seanchus agus le ceól. Dubhairt fear an toighe go bhfuigheadh agus fáilte ach go gcaithfheadh sé an oidhche a chur thart le sgéalaidheacht. "Maise," ar seisean, "chan sgéalaidhe mé." "Caithfidh tú amhrán a radh, sin nó ghabhail amach." arsa fear an toighe.
"Maise, níl maith ann mo chuid ceóil ach oiread," arsa Mac Giolla Bhríghde, "ach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Antoin Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall