Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 82
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chaora agus fuair sé í. Fuair sé an chaora a b'fhearr a bhí aige agus fuair sé sin. Nuair a bhí an fear imihighthe dubhairt an gaduidhe le Larraí go dtabhairfeadh sé céad punnta do dá mbaineadh sé an chaora d'on fhear.
D'imthigh Larraí leis gan a dháth a rádh. Bhí cuid mhór geaftaí ag an fhear seo le teacht fríobhtha. Ach reath Larraí leis go dtáinig sé fhad leis an chead gheafta. Bhain sé de a bhróg agus d'imthigh sé leis go rabh sé tuairim is air naoi slate ón áit a raibh an bhróg chrochta.
Nuair a thainig ear na caorach fhad leis an gheafta chonnaic sé an bhróg crochta ar an gheafta. "O'" ar seisean, "bróg úr; nach mór an truaighe gan a comradaidhe agam." Reath Larraí leis nuair a chualaidh sé seo agus chroch sé an bhróg eile ar an dara geafta. Nuair a tháinig fear na caorach fhad leis an gheafta fuair sé an bhróg eile crochta annsin. "O," ar seisean, "tá péire de bhróga bhréaghtha úra agam anois. Ceanglochaidh mé an chaora do'n gheafta agus imtheochaidh mé fá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 51
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall