School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall ac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 86
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur mhór an truaighe an t-airgead a bhaint do nuair a bhí sé comh cliste agus gur shaothruigh sé agus dubhairt sé go bhfiachadh seisean a chuid clisteachta. D'iarr sé air an fáinne óir a bhí ar a mhéara a inghin a ghoid.
Nuair a chualaidh Larraí seo, fuair sé culaith úr eadaigh agus fáinne óir. Lá maháin d'imthigh sé amach a shiubhal. Níor b'fhada go dtáinig sé fhad le teach bréagh. bhí garraidh bréagh bláthanna agus cailín óg iina suidhe amuigh ina lár. Chuaidh sé anonn fhad léithe. Fá dheireadh fuair sise eolas airsean agus eisean eolas uirthi-se. Bhí siad ag amaidigh 's ag dhul do chéile no go dtí gur shleamhnuigh fáinne an óir anuas de na méar.
D'imthigh sé leis go tiugh géar agus thiocfadh leis no go dtí gur shroich sé an baile agus an fáinne leis. I dtráthaibh dhul ó sholas do'n thug an cailín fá dear go raibh a fáinne caillte aicí. Agus d'innis sí do na máthair é annsin d'innis sise do'n mhinistir é. Dubhairt sé annsin go dtabhairfeadh sé an seans deireannach dó an breathlín a bhí faoi na bhean agus faoi fhéin a ghoid.(continues on next page)- Collector
- Gráinne Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Anna Bhreathnach
- Gender
- Female
- Age
- 51
- Address
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall