Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 399
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tú gabhail a ma fhághail cheana fhéin" arsa an feirmeoir. Dubhairt an stócach go gcaithfeadh sé an t-airgead a thabhairt 'na bhaile na go rabh a athair agus a mháthair bocht agus go gcaithfeadh séan t-airgead a thabhairt daobhtha.
Dubhairt sé leis go dtiocfadh sé arais agus d'imtigh sé ag tarraingt ar an bhaile. Nuair a chonnaic an t-athair agus an mháthair é ag teacht reath siad an mhéid a bhí ina gcorp go dtí go dtáinig an péire aca go dtí an mac. Bhí an oiread sin lúthgháire ortha nuair a chonnaic siad an mhéid airgid a bhí leis agus gurb mharbh siad ceann de'n eallach.
Nuair a bhí sí marbh aca thug siad cuireadh do mhuintear an bhaile a theacht ar feeasta Dia Domhnaigh. Bhí iongantas ar na daoine an mhuintir seo a bhí comh bocht aus bhí go dtiocfadh leo bó a mharbhadh. Tháinig an Domhnach agus chruinnigh na daoine go teach an féas, agus bhí sin aca féasta ar dóigh.
Nuair a chonnaic an muintir a bhí ag teacht chuig an fhéasta an mac chuir siad fáilte mhór roimhe. D'innis an mháthair agus an t-athair do iomlán dá rabh istoigh goidé comh maith le n-a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall