Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 400
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mac-san a shábhail an oiread sin airgid a tug 'na bhaile i gcúl a doirn é. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc no go dtáinig an t-am ar b'eigean do'n stócach imtheacht arís go dtí an Srath Bán. Ba sin an uair a rabh an buaidhreadh ann.
D'imthigh an mac agus níor b'fhada gur shroich séan Srath Bán agus bhí lúthgháir mhór ar a mhaighistir nuair a chonnaic sé go dtáinig an fear óg arís chuige. Ba é an dara obair a thug an maighistir do a ghabhail síos go dtí teach a bhí taobh thíos daobhtha agus a bhí lán de daoine beaga agus é codladh ann. "Má chodluigheann," arsa seisean, "gheobhaidh tú an oiread céadna airgid an iarraidh seo agus fuair tú roimhe."
Chuaidh an fear óg síos go dtí an teach agus chodluigh sé an go maidin. Nuair a ghlan an lá d'éirigh an stócach agus chuaidh sé go dtí teach a mhaighistir agus chuaidh isteach. D'iarr sé an t-airgead ar a mhaighistir nach dtiocfadh leisean a bheith ag caitheamh ar shiubhal a chuid airgid uilig chuige-san ar an dóigh sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séan Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall