Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 407
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le cuid eiteóg an éin sin agus go mbeadh a cuid pluc comh dearg le n-a cuid fola.
Annsin chuaidh sé go dtí an caisleán a bhí ag n-a athair agus d'innis do goide a bhí de dhíth air. Dubhairt an t-athair leis nach rabh seisean a stapadh. D'imthigh an prionnsa óg leis agus ní deachaidh sé i bhfad gur casadh fear do agus chuir sé ceist air an rabh fhios aige ca h-áit a rabh a leithéid de chailín agus d'iarr seisean air a ghabhail go dtí an áit a rabh. Rï an Domhain ina chomhnuidhe agus go rabh an cailín óg a bhí de dhíth air le fághail annsin.
D'imthigh an fear óg agus tharraing ar an áit a rabh Rí an Domhain ina chomhnuidhe. Ní deachaidh sé i bhfad ar a bhealach no gur casadh fear beag do a rabh éadach glas air. Chuir an fear beag ceist air cá raibh a thriall agus d'innis sé do. "Bhal," ar seisean, "mholfainn duit mise a thabhairt leat agus dhéanfaidh mé gar maith duit."
D'imthigh siad leo annsin agus stad mara no mór-chomhnuidhe ní tearn siad gur casadh fear daobhtha a rabh cos iarainn air agus thug siad cuireadh do-san a bheith ag teacht leo fost.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall