Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 408
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Phill an fear sin leo fosta agus d'imthigh siad leo gur casadh fear dobhtha a bhí iongantach maith ag reachtail agus phill seisean leo fosta. Shiubhail siad leo giota eile gur casadh fear daobhtha a bhí ábalta an cloch a ba mhó ar an domhan a bhogadh bhí anál comh láidir sin aige.
"Tá go leor againn ann anois," arsa an fear beag a rabh an t-éadach glas air agus d'imthigh siad leo agus chuaidh siad isteach i gcoillidh. Rinne siad soitheach aeir annseo agus d'imthigh agus d'imthigh siad uilig ins an aer agus níor stad siad gur shroich siad caisleán an Ríogh. Nuair a tháinig siad go dtí an caisleán chuaidh an prionnsa isteach agus d'fhág sé an mhuinntir eile taobh amuigh de'n doras. Nuair a chuaidh ar prionnsa isteach d'innis sé don'n Rí caidé a ghnaithe agus dubhairt an Rí leis go gcaithfeadh sé an choillidh a bhí thart ar an chaisleán uilig a ghlanadh ar shiubhal sul a bhfuigeadh sé a inghean agus an obair a dhéanamh i ndeich mbomaite. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall