Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 418
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-airgead uilig a bhí aige agus chuir i mála é chuir an mála ar a dhruim agus bhog leis.
Nuair a shroich sé teach Mhic Suibhne chuir sé mála an airgid ar na scálaí agus chuaidh inghean Mhic Suibhne ar na scálaí os a choinne. bhí sé goirid ocht bpinginn déag ach dhiultaigh sise ar an ádhbhar gur chuma léithe fá dtaoibh de. Theann Labhras an mála ar a dhruim agus shiubhail leis. Teacht aníos mallaidh Ghleann Bheithe agus é briste brúighthe casadh fear gasta dubh do. Chuir sé ceist ar Labhras.
"Ca rabh tú indiú." Bhí fearg mhór ar Labhras agus thug sé an-fhreagair air.
"Goidé do do gnaithe é?"
"Is maith atá a fhios agam ca raibh tú," arsa an fear, "bhí tú shoir ag meadhchú Inghean Mhic Suibhne ach bhí tú goirid ocht bpinginn déag.
Bhéarfaidh mise an t-airgead sin duit anois, ach ma thigim-se a choidhche a fhad leat a d'iarraidh na n-ocht binginn déag agus muna mbíonn tú ábalta iad a thabhairt domh caithfidh tú punta de do chuid fola a thabhairt domh in(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peigí Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall