Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 419

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 419

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 419
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    éiric an airgid.
    Dubhairt Labhras: "Bhéarfaidh cinnte," ar an ádhbhar gur shíl sé nach mbéadh sé a choidhche comh bocht agus nach mbéadh ábalta ach ocht bpinginn déag a thabhairt dó. Phill Labhras anois nuair a fuair sé na hocht bpinginn déag agus fuair sé í le pósadh. Pósadh an lánamhainn agus mhair an bhanfhéis bliadhain agus lá. Nuair a bhí an bhanfhéis caithte chuaidh an lánamhainn frí Éirinn go bhfeicfeadh siad caidé an áit a b'fhearr a thaiteochas leo le na saoghal a chaitheamh ann. Ní fhacaidh siad áit ar bith ar thaitin leo ach Doire. Ní raibh i nDoire ach baile beag neamh-shuimeamhail san am ach rinn Labhras caisleán i gcionn an bhaile. Thoisigh sé a dhéanamh toighte móra agus a leigint amach ar cíos go dtearn sé baile mór de Dhoire. Nuair a bhí siad bliadhantach i nDoire agus obair mhór déanta ag Labhras agus ag a mhnaoi bhí Labhras lá amháin thíos ag an chéidh agus bhí soitheach ag seoladh isteach. Bhí gúna mná ar bharr an chrainn. Bhí Labhras ina sheasamh ag amharc ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0882: The Wager on the Wife's Chastity
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Peigí Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall