Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)
- Suíomh:
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh ag”
Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh agus Oileán Charrach. Tráigh na ndóirling a b'ainm don thráigh sin go dtainig an soitheach seo fa thír inntí. Tús an gheimhridh bhí ann san bhliadhain 1854, i dtráthaibh an 4ad Samhain nuair a bhuail an stoirm millteanach seo an chósta s'againne. Bhí sgoith aimsire ann ríth an fhoghmhair agus mhair sí mar sin rith aimsir baint na bphreataí. I dtús na Samhna bhris an aimsear go tobann agus bfhurust aithne ar an fhairrge agus na spearthaí go rabh racán air. Bhí an chailleach dubh le feiceal na seásamh fa bhéal na tráigha, agus faonleógaí ag eiteall isteach ón fhairrge ag baint na lócha amach áit a mbéadh fosgadh aca ón chaill bhí le theacht. Cha rabh sé i nganfhios do na geacha fiadhaine ach oireadh mar thráig siad Ceann Áranna agus na h-oileáin bheaga uaigneacha fan chladach fa choinne na seasgáin, agus na gleanntáin sléibhe go dtéigheadh an stóirm thart.I dtráthaibh na meadhan-oidhche den thríomadh la de mí na Samhna bhris an stóirm ar gaoth aniar ndeas bhí inntí ar tús, acht fa chionn(leanann ar an chéad leathanach eile)