Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)
- Suíomh:
- Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eilis Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Acres
- XML Leathanach 64
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear i gCruit aon uair amhain agus sé an t-ainm a tugtar air an Baoghalach Beadaigh. Lá amhain bhí sé amuigh ar an traigh agus cas sidhe air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí Oidhche Shamhna ag teacht agus dubhairt an fhear gó rabh sé ag dhul gó Connachta arais, acht arsa an mhathair leis nach deas an feirin a thug tu cugainne an uair deireannach a d’imtigh tu as baile.
Thainig naire air agus ba mhaith leis da bhfaghadh sé an run amach chun an chailín a bhiseadh, agus chuaidh sé chun eisteacht ag Caislean na sidhe. Chualaidh sé na sidheógaí ag cainnt ar an chailín agus dubhairt siad gó rabh gloinne aca agus da nolfadh sí deoch as go mbeidh biseach uirthi.
Ní rabh an fear abalta an gloinne a fhaghail mar bhí siad uilig ga choimead. Lá amhain chuaidh sé isteach gó dtí an Caislean agus chonnaic sé an gloinne, chuir se faoi a chota e agus amach leis na rasa.
Lean na sidheogaí é agus bhí a chroidhe ag dul amach ar a bheal le sgannradh. Bhí bata aige agus rinne sé fainne thart ar fhein ar an traigh, agus nuair a thainig na sídhe fhad leis ní rabh siad abalta a gabhail isteach agus ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Leac Eidhneach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Maire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Leac Eidhneach, Co. Dhún na nGall