Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)
- Suíomh:
- Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eilis Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Acres
- XML Leathanach 72
- XML “Leac Eanaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leac Éanaigh.
Tháinig Gráinne Ní Maille agus a cuid saighdúirí i dtír thíos i bPort uair amháin chun smaicht a chur ar na Baoghallaigh.
Bhí na Baoghallaigh thíos ag an cladach ag fuireacht ortha, acht nuair a chonnaic siad na Connachtaig teich na Baoghallaigh.
Bhí cásan deanta aca treasna Éanaigh a bhí ann, acht nuair a d’amarc na Connachtaigh iad a dul trasna lean lean siad Iad, agus chuaidh siad síos ins an abar.
Thuinntuigh na Báoghallaigh ortha, agus mharbh sé uilig iad, acht amháin, Connachtaigh mór a bhí ann agus ní rabh sé abalta é a mharhadh ar cor ar bith, már chuir sé a dhruim lé carraig a bhí comhgarach do’n Éanach.
Sa deireadh chuaidh fear de na Baoghallaigh suas ar an charraig agus chaith se cloch mhór síos ar mhullach a chinn agus mharbh sé é.
Thuit sé ar leic ag bun na carraihe agus d’éag sé uirthí.
Ó sin amach tugtar leac Éanaigh ar an bhaile sin.- Bailitheoir
- Máirgheadh Ní Cnáimhsighe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cnoiceach Mór, Co. Dhún na nGall