Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 242
- XML “Dilín na mBacach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Na tugadh sé uait fear an tighe,
Mar thug an t-iolar an t-éan bhreac on chirc bhuidhe
Tabhair domhsa léim giarrfhiaidh d’im,
Fad buaraigh uibeacha cearc.
Tart na muice firinne do bhrúicht.
Fad doirse ó bacach
Spól de ocht gcaorach
Agus a dhath eile dá bhfuil maith ar bith ann bíodh sé leat fosta
A dhuine macanta is dailigh domsa sin a bheith agam
Agus gan agam acht trí bó seasga
Agus naoi gcat firinne ag diúil ortha sin
Agus ní blíghtear iad acht i gceann an tríomhadh [trátha]?
Agus ní sin indiú no imbárach
Acht ma fhanann tú go mblíghtear iad
Gheobhaidh tú braon beag dá gcuid bainne.
Bhal níl an chailleach árd, cróin, buidhe, bealthaigh.
Go bfeicthea an saoghal mór faoi bonnaí a cuid [cos]?
Agus na bfeicthea dadaí ar bith os cionn mullach a cinn
Nach mbuailfinn smitín don bhlíghtín do steáfoig cnodhanna
Ar árd doras poll a tóna
Nach mbainfinn rása agus deifre aistí.
Fá choinne an rud atá mé ag iarraidh
Acht a bhean macanta adeir sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Conall Ó Duibheannaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall