Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 258
- XML “Eoghan Ó Baoighill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ormsa na leigfinn dó aon nduine a chonnaic mé ariamh an fheasóg a bhaint damh. Le sin bheir an fear greim ar an rásúr agus sgríob sé fhéin an leiceann eile. Bhí sé deánta amach ag an fhear a bhí i n-Áirinn sop féir a dhóigheadh an lá a thiocfadh Eóin. Bhí fear Alt an Chorráin le dul isteach agus an ceann a bhaint dó agus an bhean a bhéadh sé aice leis an léine a fhuaghail. Ba ghnáthach leis peidhre gunnaí leis i gcomhnuidhe. An oidhche a tháinig sé d'fhuaghail an bhean an léine agus líon sí na gunnaí lán uisge. Las an fear a bhí i n-Áirinn an sop agus chuaidh an fear eile isteach agus tuagh leis. Nuair a chualaidh Eóin na daoine ag tarraingt air thug sé iarraidh ar an léine acht ní rabh sé ábalta. Annsin thug sé iarraidh ar na gunnaí acht bhí siad lán uisge. Tháinig sé isteach agus chaith an ceann dó Eóin. Annsin chaith sé an ceann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall