School: Dubhchoradh
- Location:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhchoradh
- XML Page 260
- XML “Eoghan Ó Baoighill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"An tú fhéin a bhain an ceann dó" arsa seisean. "Leóga ní mé" arsa seisean ag toiseacht agus ag innse goidé mar bhí. Is maith liom arsa fear na h-oifige na an fear a bhain an ceann dó atá ag leis an airgead a fhághal. Chuir sé ceann Eóin ar na scáalaí agus thug an t-ór de'n fhear. Ag an dó dhéag a chlog tháinig Conn go dtí an oifig. D'fhiafruigh fear na h-oifige dó goidé a bhí leis. Ceann Eóin Ó Baoighill, arsa Conn.
An tú fhéin a bhain an ceann dó arsa fear na h-oifige. Is mé arsa Conn. Tabhair amach go bhfeicfidhme é arsa fear na h-oifige. Chuir sé síos a lámh sa mhála agus bheir greim cluaise ar an ghamhain agus tharraing aníos é. "Cloigean Críostaidhe a bhí ar Eóin" arsa seisean "ní cloigeann brúid a bhí air." "is cuma, mise a bhain an ceann dó." Tá an duais díolta annseo ó mhaidín. Thionntuigh sé ar shiubhal go feargach. Tá tú salach arsa fear(continues on next page)- Informant
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Gender
- Female
- Age
- c. 80
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall