Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 275
- XML “Cearrbhach a' Chába”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fa choinne é a sgannradh. Dubhairt se le bean an toighe go rabh sé ag gabhail fhághal bháis. Thug an bean léithe é go dtí seomra eile a bhí ann. Bhain sí an clár de chórtha agus bhí sé lán airgid agus ór. Dubhairt an bhean go (dtair) dtabh-airfeadh sí dó an méid a tiocfadh leis a iomchur dá n-déanfadh sé biseach dó.D'iarr sé urthí annsin cupla fear a fhághal agus an leabhaidh a thionntach thart, rinne siad sin agus fuair an fear biseach. Thug an bean an t-airgead de'n Doctúir agus d'imthigh sé. Acht nuair a bhí sé ag gabhail amach ar an doras fuair an bás greim muineail air. D'iarr an dochtúir air spás a thabhairt dó go dtí go dtabhairfeadh sé an t-airgead só na bhean. Nuair a tháinig sé 'na baile tháinigh an bás chuige aríst. D'iarr an Cearbach air faill a thabhairt dó orlach de choinneal a dhóigheadh dubhairt seisean go dtabhairfeadh, annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghrianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall