Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 316
- XML “Binn Mhór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)caitheamh cloch air. Bhí méarogaí ag feadalaigh fá na chluasaibh agus fá na shúile agus cuireadh buil bocht air. D’fobhair nach mbainfeadh sé an baile amach slán go deó. An oidhche ceadhna nuair a chuaidh sé a luighe san bhaile thoisigh an tormón agus an rud fán teach. Comh luath agus tháinig an lá d’imthigh sé fhein agus duine éiginteach eile gur fhág sé arais na crainn uilig agus annsin níor mhothuigh sé dadaidh.
Bhí fear ar an bhaile sagainne agus rinne sé stól as crann mór a gearradh san bheinn. Oidhche amháin bhí sé na shuidhe chois na teineadh agus tháinig gaoth mhór isteach fríd an teach. Brúigheadh isteach fríd an teine é agus d’imthig an stól agus ariamh nó níos mó ní fhacaidh sé an stól.
Ghearr fear eile crainn ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mághnus Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Eadarbhaile, Co. Dhún na nGall