Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 321
- XML “Beinn na Bróine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- E. Beinn na Bróine
Tá beinn taobh thuas de thigh ‘s againne in Eadar Dhá Bhaile a dtugtar “Beinn na Bróine” mar ansin uirthí. Deirtear go bhfuil sí uasal agus i bhfad ó shoin go gcualthas na daoine beaga ag ceól agus ag cainnt istigh inntí. Fosta deirtear go gcualthas bróinteóireacht ag dul chun tosaigh inntí, agus is uaidh sin a fuair sí a h-ainm.
Lá amháin tá gearr tamaill ó shoin bhí sagart i dteach ar an bhaile ‘s againne ar stáisuín agus nuair a bhí sé imtheacht chuaidh fear an toighe leis giota ar an charr.
Ní raibh gluaisteán nó dadadh mar sin ann ‘san am agus mar sin de beathach agus carr a bhí leis.
Nuair a tháinig siad fhad leis an bheinn seo d’fhiafruigh an sagart c’ainm a bhí uirthí.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mághnus Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Eadarbhaile, Co. Dhún na nGall