Scoil: Dubhchoradh

Suíomh:
An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhchoradh
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “Bó Bhradach Ghleann Domhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do’n fhear é. Ar maidin lá thar na bhárach d’imthigh an fear go h-aonach Leitir Ceannain leis an bhuin. Casadh fear air ag bun an bhaile móir agus thug sé ocht bpunta do ar an bhuin agus d’iarr air í a fhágailt ag ceann an bhaile mhóir dó. Nuair a bhí sé i lár an bhaile moir casadh fear eile do agus thug an fear sin ocht bpunta do ar an bhuin fosta agus d’iarr air a fágailt san áit ceadna. D’imthigh sé leis agus casadh fear eile air agus thug seisean ocht bpunta de an a bhuin agus thug sé leis í. Nuair a bhi sé ag dul síos an baile mór casadh fear air agus dubhairt sé gur leis fhéin an bhuin.
    Thoisigh an trúir a throid agus thoisigh gach aon duine aca a thabhairt leis an bhuin. Sa deireadh tháinig na gardaí agus chuaidh siad a cuartughadh an fear a dhíol an bhuin agus fuair siad greim air. Lá thar na barach cuireadh fiachail air ach nuair a chuirfidhe ceist ar bith air sé an rud a thúseochadh sé a cheól agus ba é an deireadh a bhí air gur iarr an breitheamh ar an fear a bheith ar siubhal agus an bhó a thabhairt leis. Tháinig an fear na bhaile agus an bhó agus a luach leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Seoladh
    Doire na nAspal, Co. Dhún na nGall