Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róis, Bean Uí Éaluighthe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sa deireadh nuair a tháinig an la chuaigh an fear amach agus ní raibh sé le feiceáil níos mo. D’éirigh an fear eile agus nuair a d’amharch sé amach bhí an fharraige ag éirigh suas ar an oilean le garabhád as agus níor tháinig sé go dtí an gabhail an bhaile an lá sin. d’fhan sé ansin gur tháinig an oíche agus chuaigh sé isteach san bothóg. Chuaigh sé in luí ach ní raibh se abalta codhladh ag smaoineadh ar an fear dubh ach ní raibh sé i bhfad gur tháinig sé agus chuir sé isteach an doras agus thosaigh an troid idir é féin agus an cú. Nuair a tháinig an lá chuir an madra amach é agus lean sé é. Bhí an fear ag fanacht ar an cú a teacht arais ach ní raibh an cú bocht a theacht. Chuaigh sé amach ag amharc fa choinne an mhadaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Anna Ní Fhionnghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Cáilín
- Inscne
- Baineann