School: An Clochán Liath (Dungloe)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Teacher: Róis, Bean Uí Éaluighthe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sa deireadh nuair a tháinig an la chuaigh an fear amach agus ní raibh sé le feiceáil níos mo. D’éirigh an fear eile agus nuair a d’amharch sé amach bhí an fharraige ag éirigh suas ar an oilean le garabhád as agus níor tháinig sé go dtí an gabhail an bhaile an lá sin. d’fhan sé ansin gur tháinig an oíche agus chuaigh sé isteach san bothóg. Chuaigh sé in luí ach ní raibh se abalta codhladh ag smaoineadh ar an fear dubh ach ní raibh sé i bhfad gur tháinig sé agus chuir sé isteach an doras agus thosaigh an troid idir é féin agus an cú. Nuair a tháinig an lá chuir an madra amach é agus lean sé é. Bhí an fear ag fanacht ar an cú a teacht arais ach ní raibh an cú bocht a theacht. Chuaigh sé amach ag amharc fa choinne an mhadaidh.(continues on next page)
- Collector
- Anna Ní Fhionnghaile
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal
- Informant
- Anna Ní Cáilín
- Gender
- Female