Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)

Suíomh:
An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Doiminic Ó Ceallaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1062, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Leathchead Sióg a Chonacthas i 1914”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chaitheamar na slatacha ar thaobh an bhealaigh, agus suas linn fa na bartaigh d'amharc ar an móin a bhí i n-a croigeán ar na -oithireocha. Níor b'fada ann sinn go bh'facamar i bhfad uainn agus iad ag deánaimh orainn agus le luathas na gaothe ón Ruagaide, garbh anoir mas-as-samhail,leithéad de daoine beaga fá mhéid pháistí scoile. Nuair a' bháird bhórdaigh am dá chéad go leith uainn, ba lear go rabh siad uilig gleasta sna dathanna ceadna. Bearaid dhubha ar cuid aca, cotai dearga agus brístí bána ( ar dhuine anseo) ach bhí cotaí bána agus brístí dearga ar dhuine annseo 's ansiúd.
    Bhí na cosa ag bogadaigh mar bheadh siad ag reathaigh, ach níor chuir cú nó corrfiadh ariamh an cadrán tairis comh tuigh tapaidh 'g chuaidh sias - san anonn bárr an Gleanna bháin, agus suas go loch a h-Iarain agus ar agaidh siar i dtreo na fairge gur cailleadh i ndoimhneacht croidhe an t-sléibhe iad bhí mis óg gan urchoid san am agus bhí mé ag braith a ghabhail i na ndiadh go bfeicfinn cá dtacachaidh siad; air bagradh orm agus pilleomar araon na bhaile go tostach gan bhreith an breach nó (-iarradh) iorraidh a tobairr air.
    Bhí cogarnach agus crosadh - cinn idir na sean - daoine an aidhce. Bhí 'fhios ag ach aonduine nach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Doiminic Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall