Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí madadh ruadh na chomhnuidhe i n-áilt an Chorain aon uair amháin agus ba mhaith leis go mór da mbíodh sé istoigh ar an oileán a bhí os a choinne sé sin oileán Áranna.
Lá amháin tháinig bád iasgairí amach as Árainn go h-ailt an Chorainn. Tháinig na fir amach as an bhád, agus suas go dtí na siopaí. Dar leis an madadh ruadh na mbéadh sé a furast fághail isteach an lá seo. D’imthigh sé le rása go rabh sé shíos fá ghiota de’n bhád agus shín sé é fhéin ar a fhad ar an talaimh agus leig air fhéin go rabh sé marbh.
Nuair a tháinig na fir anuas go dtí an bhád bhí iongantas mór ortha Madadh Ruadh a fheiceail na luighe marbh.”Caith amach san fhairrge é”, arsa fear de na fir leis an chuid uile. “Ní chaithfidh mé é”, ars’n fear eile. “Bhearfaimid linn isteach un oileain é go dtí go bhfeicidh na daoine atá istoigh é.” Annsin bheir fear aca air agus chaith siad isteach i gceann an bháid é.
Bhí an madadh ruadh ag eisteacht ar fad leis na fir ag cainnt. San deireadh chualaidh sé iad ag rádh “tá muid ag an phoinnte”. Nuair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Tiománaí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall