Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fear ann aon uair amáin agus bhí siad amuigh ag iasgaireacht. Nuair a bhí tamall amuigh fuair siad cupla duisín glaisain. Bhí an oidhe ag titim agus thug siad a n-aghaidh ar an bhaile. Cualaidh siad ceol deas binn agus thionntuigh siad thart. "O" arsa amháin "caidé sin" le sin rith cupla sidheog amach as faoi chloch mhór a bhí ann. "Tabhair dúinn cuid den iasg sin" arsa na sídeogaí. "Maise ní thabhairfidh tá siad gann go leor againn fhéin." "B'féidir gur cheart dúinn cupla ceann a thabhairt daobhta nó b'féidir gur rud eiginteacht a thiocfad ar an bhealach na bhaile."
Chaith na fir cupla glasain isteach ins an bhéal ar na sidheoga. Coinnigh iad anois arsa na sidheoga nuair nár thug tú dúinn iad le croidhe mhór mhaith agus an díolaidheacht a thug siad do bhia, na a dhá oiread glasain is chaith siad chuca, tháinig, tháinig sin thart fa na cluasa orthu. Ní rabh deifir ar na fir teacht an bealach sin arís. Is iomdha áit thart fa'n chósta seo, agus áiteanna eile fríd an tír.- Bailitheoir
- Brighid Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus 'ac Suibhne
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall