Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lé trí lán na sluaiste. Annsin dubhairt an ghiorsach leis. Cuirfidh m’athair ceist ort nuair a thiocfas sé, an bhfuil an boitheach glannta agat agus abair thusa leis go bhfuil. “Annasin” arsa sise cuir ceist (agus) air an dtaitnean, agus abrochaidh seisean go dtaitnean níl a dhath le deánamh agat, ach an bratóg seo atá mé gabhail a thabhairt duit, a cnathadh agus líonfaid an boitheach níos measa na bhí sé ariamh. Annsin nuair a tháinig an Rí chuir sé ceist ar an stocach ar an stocach an rabh an boitheach glan aige agus dubhairt an gasúr go rabh. Thug an gasúr leis an Rí go dtí an boitheach agus arsa seisean leis an Rí.
“An dtaitnean sé leat” “Taitnean” arsa’n Rí Thug an gasúr amach an bhratóg amach an bhratóg agus [cra]? sé é, agus líon an boitheach mar bhí sé ariamh.
“Go h-Ifreann leis an té a chuir sin ann dó cheann” arsa an Rí “Go h-Ifreann leatsa a cheadh uair” arsa an stocach.
Ar maidín lá thár na bharach d’imtigh an Rí a sheilg. Sul ar imthigh sé d’iarr sé ar an stocach tobar a thaomadh nar taomadh le dha chead bliadhain. Maith go leor dheánfaidh mise sin ars’n stocach. Nuair a d’imthigh an Rí thoisigh an stocach a taomadh an tobar ach da mbeadh sé ag taomadh ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padaí Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall