School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)'na Chatoloiceach díreach mar do bhéadh sé sa bhaile. D'éirigh an bhuachaill suas 'na Éireanach maith, grádh aige ar Dhia, agus grádh dúthrachtach aige air a thír.
Nuair a bhí an bhuachaill macasamhail cúig bliadhna déag d'aois, d'éirigh na h-albanaigh amach oidhche amháin agus marbh siad iomlán na nGaedheal a bhí fa fhichid míle dhóibh. Mharbhuigh siad athair agus máthair an bhuachalla agus iomlán an teaghlaigh. Ní rabh siad ag dul a baint leis an dtigh 'na rabh seisean mar shíl siad gur albanaigh uilig a bhí ionnta, ach bhí duine de na comharsanaibh leóbhtha, agus dubhairt seisean leis an cheannphort go rabh fíor ghaedheal sa teach sin agus a dhul isteach agus é marbhadh.
Chuaidh siad go dtí an doras agus sgairt siad le fear a' tighe, an doras a fhosgladh nó go mbrisfhídhe é. Fosgladh an doras agus tháinig siad isteach. D'iarr an ceannphort ar fhear a' tighe an stócach a thabhairt suas daobhtha go muirbhfeadh siad é ar áit na mbonn.
Badh mhaith le fear a tighe an buachaill a chonghbail, mar bhí sé an-sásta aige, ag deánamh iomlán na h-oibre do, agus ar seisean, "och" ní 'fhuil ann ach buachaill. Ní dheánfaidh sé díoghbhail ar bith orrainn. Tá a mhuinntir uilig marbh anois agus bhéarfaidh mise suas 'na albanach é, agus ní bhéidh fhios aige dadaidh ach cuidiughadh linne. Ar scór ar bith, tá claidheamh annseó agamsa agus am ar bith a mheasaim go mbéadh sé ag smaoiteadh fhágail agus a dhul leis na h-Eireannaigh, bainfidh mé an(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall