School: An Clochán Liath (Dungloe) (roll number 15243)
- Location:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Doiminic Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)My cares in this world are few
And few are the tears will fall for me
When I go on my way to you
Nach gcuirfeadh, i leightheóir?
Comh luath a’s bhí a mbricfeasta ithte aca thug siad na caiple amach as an stáblá. Chuaidh siad a mharcaigeacht orrtha agus annsin thug an dá comhrádaidhe a ndruim do chéile. Chuaidh Bruadar ó thuaidh ag tarraingt ar an bhaile, agus chuaidh Daibhídh Ó dheas ag tarraingt ar chaisleán an ríogh.
Nuair a sroich sé an chaisleán níor fhan sé go bfhosglaidh an geafta dó ach chuir sé na spóir san éich, agus glan sí an bhalla dé léim. Bhí clog taobh istoigh de’n bhalla ar a dtugtaoi “Clog an Chomhraic” mar nuair a thiocfadh laoch ar bith leis an bhulaidhe a throid, bhuailfeadh sé ar an chlog sin, agus annsin thiocfadh an bulaidhe amach aige.
Nuair a chonnaic Daibhídh an chlog bhuail sé buille laidir misneamhail air lé na chlaidheamh. Bhí an rí agus an “bulaidhe” na suidhe sa pharlúis ag ól deoch agus ag comhradh nuair a chualaidh siad an buille. “Sin laoch a bhearfas dó sháith duit” ars’n Rí “níor buaileadh a léithéid sin dé bualle go foill”.
“Nach bac liomsa” ars’n bulaidhe “nuair a bhéadeas mise réid leis ní fiú é thógail ón talaimh”. Sgairt an Rí ar an ghiolla, agus dubhairt leis, an laoch a bhuail an chlog a thabhairt i lathair. Tugadh i lathair é agus chuir an rí ceist air an dtroidfeadh sé an bulaidhe. Dubhairt daibhídh leis go bhfiachadh sé leis ar scór ar bith. Ar a chliuinstin seo do’n bhulaidhe leig sé gáire beag(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Gender
- Male
- Informant
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 41
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall