Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bearrach le bheith tíos i dtóin Innis-Eoin. Ní bheidh sé duirtha coidhche, agus an oidhche seo ag an meadhon-oidhche, cluinfhear í ag búithrí. Iarrfaidh an t-athair ar an mac is sinne ghabhail amach, ní racaidh sé. Iarrfaidh sé ar an tríomadh mac ghabhail amach, Rachaidh seisean amach, agus béidh a bolg ag cuir thar na druim a nídh réidh le réabadh agus a bhéal bán le cabhair.Tiocfaidh se isteach agus innseochaidh sé seo, do na athair. Deirfidh seisean go bhfuil long ar seachrán ar Loch Suilighthe agus a dhul agus iad a threorughadh an bhealach ceart. Tá bean ruadh le bheith posta thíos i dtoin Ranna Fearsde, agus ar maidín le dearg a' dá néal téidhfidh sí na bádaí caola dubha teacht isteach. Tá sí le iarraidh a tabhairt ar na cnuic, agus scéala a thabhairt do achan dhuine is feidir leithe. Leanfaidh na daoine í go ball-bán, poll cró bheithe. Nuair a thiocfas na saighdiúiri fad leobhtha, tuitfhidh an ceannphort í ngrádh le cailín ruadh, a bhéas ina measg, agus iarrfaidh sé ar na saighdiúrí dhul thart an bealach eile.Caithfidh na mathrachaí dhul amach agus na páistí a fhágail na luighe 'sna cliabháin, tiocfaidh na Sasanaigh isteach agus beidh na paistí ag gairidhe agus ag cuideachta leo, agus bhí truaighe aca in a croidhe daobhtha.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Mín Doire Thoirc, Co. Dhún na nGall