School: Loch an Iubhair (roll number 16829)
- Location:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seal ‘mo shean-chailligh,
Agus ní de na mnáibh is measa mé.”
Thug sí léim ar shiubhal agus chuaidh sí sa churach arais. D’imthigh sí léithe amach chun na fairrge agus an t-slat gheal ‘na láimh aice agus í ag caitheamh dhá ubhal dhéarg roimhpí go dteachaidh sí amach as amharc ins an fhairrge. Phill sé chun na bhaile annsin agus tháinic sé isteach go teach a athara. Shuidh sé síos i gcathaoir mhór dhá láimh a bhí ann agus rinne sé osna. Níor fhan a’n chnaipe ar a chorp nár réab, agus níor fhan a’n rungsa sa chathaoir nár phléasc fa dtaobh de. Thuit sé síos fríd an chathaoir. Chualaidh a athair an tuaim a rinne sé. D’éirigh sé aníos ‘fhad leis.
“Is cosamhail d’osna le h-osna mac ríogh fá gheasaibh.” “Sílim gur sin é a athair.” “Goidé a tháinic ort?” ars’n t-athair. D’innis sé dó goidé mar tháinic an bhean ‘fhad leis, agus mar chuir sí faoi gheasaibh é, agus mar d’imthigh sí chun na fairrge arais. “Ó!” ars’n t-athair, “ná bíodh buaidhreadh ar bith ort. Cuirfimid an cabhlach amach i mbárach, agus má tá sí le fagháil gheobhthar í.”(continues on next page)- Collector
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Proinnsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall