School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 55
- XML “Murchadh Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cleachtuighthe le codladh go meadhon-lae. Nuair a bhí ‘acha’n chineal deanta aige fa’n teach scaoileadh amach scaifte eallaigh leis.
Bhí lá fuar ann agus bhí brat sneachta ar an talamh. Nuair a fágadh an gasúr leis fhéin bhuail an chumhaidh é agus shuidh sé ag bun cloiche móire gur chaoin sé a sháith. Dar leis fhéin nach mbéadh sé beo sé mhí annseo. Dar leis fhéin go mbainfeadh sé an bealach amach i n-am.
Teacht an tráthnóna d’fhág sé an t-eallach síos, siar agus tharraing sé siar ar luighe na gréine. Shiubhal sé leis go dtáinic an oidhche air. Chuaidh an ghaoth amach ‘n-a fairrge agus shéid sí níos láidre. Bhí an duine bocht fuar, tursach, ocrach. Bhí sé ag éirghe mall san oidhche agus gan teach ná cró le feiceail aige ar a amharc ná ar aéisteacht. Bhí sé ar seachrán fríd an t-sliabh agus bhí eagla air gur caillte a gheobhthaidhe é ar maidín. Bhí a uchtach caillte ach nuair a ba’ lúgha a bhí sé ag dúil leis chonnaic sé solas beag i bhfad uaidh. Fuair sé misneach annsin agus d’éirigh a chroidhe; d’éirigh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 54
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall