Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Lúithche
- XML Leathanach 202
- XML “Ceantar Dhún Lúiche”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ba é an gnás ins na poblacha seo na páisdí uilig a chur an Lagain ar feadh sé mhí don bliadhain, le na mbeatha a shaorthugadh , agus ba é an bealach seo a ba gnáthach leo a suibhal ag imteacht agus ag pilleadh a bhaile.
Sé mhíle agus fiche fad an bealaig seo go Litir Ceanainn, agus creidim gur iomdha croidhe cráidte agus cos sgallta a chuaidh an t-slighe ceadna.Na fir a bhí ag dul go halbain, thrialladar an bealach ceadna ag imteacht agus ag pilleadh agus an ualaigh leobhta ar a nguailneacha.
Tá deireadh leis an sglábhuideacht seo le fada, agus is maith an biadh ar siubhal é.Níl fiachadh ar dhuine ar bith na bealaigh seo a shiubhal anois tá gléasaí gasta le na n-iomcar: agus i náit daoiní a bheith ag tabhairt a gcúl ar a bhaile tchídim gach samhradh gluaisteain mhóra as Sasain as Albain, ag tabairt famairí go dtí teac ósta Ghaoith-Dobhair, ar a gcuid laethe saoire. Déirig suas moran tighthe ósta fríd an phobail seo ar na maillibh, agus seo an bealach a dtig na strainseirí ar cuairt.Nach mór an t-áthrach seo i leith-chéad bliadhain?Ní mheasaim go rabh daoine na gcómhnuide san áit seo go dtí le cupla céad bliadhain. Saoilim gur daoiní as íochtar tíre a tháinig ar tús le scot sa t-samradh ar féarachTá cuid mhór áiteacha ins na cnoic seo ainmnighthe as cró
mar, cró caorach
cró nimhe
cró na mbroc
cró na snáthaide
cró nimhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)