Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Lúithche
- XML Leathanach 213
- XML “W. A. Ross”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- W. A. Ross
Fear sáidhbhir a bhí ins an fhear seo. Bhí muilinn aige i mBéal Feirsde agus mórán tighthe. Caitliceach maith a bhí ann agus shíolruigh sé do dhaoiní céimeamhla – na Blandensburgh.
Bhí muinntir na h-áite ins an t-sean am i bhfad ó na tighthe pobail.( 10 míle ar a láighead).
Smaoitigh siad gur maith a rud dá bfúigeadh siad teach pobail daobtha féin.
Bhí teampull na bProtustanach folamh i dtráth an ama sin agus shaoil siad go dtiocfadh leo é cheannacht, acht ní tabharfaidh na hAlbanaigh uatha é.
Bhí Ross na chomnudhe sa cheanntar sa n-am, agus mar bhí sé na Chaitliceach maith, ní hé amháin go dtug sé áit tighe an phobail do na Caitlicigh, acht cuir sé suas an t-airgead fosta. le na dhéanadh.
Nuair a mhothuigh na hAlbannaigh goidé a bhí Ross a ghabhail a dhéanamh, d’ofrail siad an teampull do na Caitlicigh acht bhí siad ro mhall an t-am sin.
Nuair a bhí an minister na chomhnuidhe i nDún a Lúithche, bheadh aidhneas go minic eadar é féin agus sagart Ghaoith Dobhair. Ba cheart don tsagart tairgearacht a dhéanamh am amháin go dtiocfadh an lá nach mbeadh Albanach i nDún a Lúithche.
Deirtear go rabh teampull na n-Albanach ar fead cúig bliadhna agus fiche agus nar bféidir glas a congbailt aige bheadh sé gcomhnuidhe fosgailte ar maidin.
Nuair a bhí teach pobail na gCaitiliceach críochnuighte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séumas Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)