Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An bhaintreabhach agus a triúr mach
Fad ó shoin bhí baintreabhach ann agus bhí trí mhac aici. Lá hamháin bhí siad amuigh ag obair. Tháinig an fear a ba sinne isteach agus dubhairt sé go raibh sé ag imtheacht a shaortughadh a (chuid). chodach. Diarr sé ar a mháthair dhá bhonnóg aráin a dhéanamh. Rinne sí iad agus nuair a bhí siad déanta chuir sí ceist air.“Ciacú a bfearr leis an bhonnóg mhór agus a mallacht no an bhonóg bheag agus a beannacht” Dubhairt sé gur bhfhearr leis an bhonóg mór agus a mallacht. Dimthigh leis go dtí go dtáinig sé fhadh le chúirt mhór.
Chuaidh sé isteach agus bhí teine bhreag annsin roimhe. Theigh sé a fhéin agus nuair a damharc sé thart chonnaic sé tábla agus é lán dó gach rud ní bfearr na chéile. Bhí sé tuirseach agus chuaidh sé isteach i seomra agus bhí leabhaidh bhreagh annsin agus chuaidh sé a luighe acht nuair a bhí sé tamall na luighe tháinig leomhan isteach agus mharbuigh sé é. Cupla lá na ndiaidh sin tháinig an dara fear agus dubhairt sé an rud ceadhna. “ Chuir sí ceist ar ciacu a bfearr leis an bhonóg mhór agus a mallacht no an bhonóg bheag agus a beannacht agus dubhairt sé gur bfearr leis an bhonóg mór agus a mallacht” dimthigh sé leis go dtáinig sé go dtí an áit cheadna agus mharbuigh an leomhan eisean fósta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Dubhagain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Maigreadh Bean Mhic Ghaoith
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann Tornáin, Co. Dhún na nGall