Scoil: Dún Lúithche (uimhir rolla 16423)
- Suíomh:
- Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamas Mac Giollabhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dún Lúithche
- XML Leathanach 276
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí seanbhean agus seandhuine na gcomhnuidhe leo i fein i dteach beag agus bhí siad iongantach bocht. Bhí sean bhapall bán, éan seabhac agus cú acu.”
(ar lean ón leathanach roimhe)as achan cheann acu agus ní fhóirfeadh an giota a bhí ag inghean an ríog do cheann ar bith acu. Lá ar na mbárach chruinnigh achan dhuine agus ní fhóirfeadh an giota do dhuine ar bith agus chuir an Rí ceist an rabh na daoine uilig cruinnigh agus dubhairt sean-bhean a bhí ann go rabh fear ar loisdín aicise agus na rabh sé annseo go fóill.
Chuir an rí duine fá na choinne agus tháinig sé agus cé a bhí ann acht an fear a mharbuigh na fáthaigh agus léim an giota a bhí ag inghean an rí isteach in na cóta agus dubhairt an rí gur sin an fear ceart agus pósadh é fhéin agus inghean an ríogh. Fuair sé áit na bfáthach agus thug sé leis a mháthair agus a athair agus bhí siad beo saidhbhir ní ba mó.- Bailitheoir
- Micheal Mac Cumhaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Cuinge, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cumhaill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Cuinge, Co. Dhún na nGall