Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 134
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amhain bhí sé pósta agus bhí mac amháin aige. Smaoitigh sé go rachadh sé go h-albain. D'imthigh sé agus nuair a bhí sé tamall fada thall smaothigh sé go dtiocfadh sé 'un a bhaile. An lá a bhí sé ag imtheacht chuir an maistreas cesit air cia aca a b'fhearr leis an meid airgid a bhí saothruigh aige nó tr i chimhairle. Sheasuigh sé tamall ag smaotughadh agus dubhairt se leithe, b'fhéidir go mb'fhearr dó na trí chiomhairle.
"An chead cheann" ar sise, "ma théid tú go dtí teach ar lóistín, agus bean an tighe a bheith giota maith níos (an) óige nó na fear na fan ann i bhfad." "An dara ceann, coinnigh ar dó bhealach fhéin i gcomhnuidhe". "Agus an treas ceann, ma thigheann corruighe ort caith toit as dó phíopa.
D'imthigh sé agus nuair a tháinig an tráthnóna chauidh sé go dtí teach ar lóistín.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ua Fearraidhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall