Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Beag (B.)
- XML Leathanach 137
- XML “Teach na Mná Mire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Teach na Mná Míre - Seo ainm ar bheinn, no carraigeacha atá buailte le chéile chois na tragha i Machaire Chlochair.
Deirtear go rabh trí cailleachaí na gcomhnuidhe annseo i bhfad i gceart ar gcúl san t-sean aimsir nuair nach rabh ach beagan daoine sa cheanntar.
Bhí siad beo ar biadh tragha. Mar fíor é ní rabh ar bhean aca ach lámh amháin, súil amháin ag bean eile agus cluas amháin ar an tríomhadh bean.
Bhí eagla ar na daoine a dhul a chomhair na h-áite.
Bhí fear na chomhnuidhe i Machaire Gálan san am, agus ba gnathach leis feáráin a bheith aige ar an talamh cruaidh in aice an bhunbig. Bhí cailín leis an fhear seo ar dul bealach an bhunbig lá agus bean aca í. Nuair a bhí an ghiorsach a dul isteach ar an bhearna bhuidhe ar an taobh eile de'n tráigh, chaith an chaileach miodóg na diaidh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)