School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 278
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear as an Charraic seó thiar pósta ar bhean as Machaire-an-Clochair.”
Bhí fear as an Charraic seó thiar pósta ar bhean as Machaire-an-clochair. Bhí an fear ag obair áit éigin agus nuair a thiocfhadh sé san oidhche, ghéarrfhadh sé léim trasna an t-srutháin, acht nuair a bheadh sé ag imtheacht ar maidin chaithfheadh sé siubhal fríd an uisge.
Bhí fear ag obair ag taobh an t-sruthan agus sé fa deara seó agus lá amháin chuir sé ceist air cad a chuige gcaithfheadh sé siubhal anonn fríd an t-srúthan ar maidín agus go dtiocfadh leis léim a thabhairt thairis san san oidhce.
“Ta” arsa an fear, “ta sean-duine fá’n teach againn agus chomh luath [géar]? agus rachfhaidh na preátaí síos deirfhidh seisean gan a cheann a chuir síos dó-san, agus nuair a bhéas siad ag goil beadh sé dhá dtógail leis an mhaide bhriste agus dhá n-ithe, agus ní bhíonn ceann ar bith fágtha. Mar sin de bíonn me lag nuair a bhíonn mé ag imtheacht ar maidín.(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Géidí
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall