School: Mín an Chladaigh (roll number 5046)
- Location:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Fhionnaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín an Chladaigh
- XML Page 285
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí maighistir ann aon uair amháin agus rinne sé buachaill a fhastódh. Thug sé tuarastal triúr fear do'n bhuachaill 7 bhí aige le cuid bidh triúr a ithe.”
(continued from previous page)seó geall go rabh buachaill aige-san a d’íosfhadh iad. Chuir an mhuinntir eile cúig chéad púnnta leis nach rabh.
D’imthigh an maighistir ar lorg an bhuachaill acht ar an droch-uair dó fhéin bhí a sháith ithte aige. “Acht níl rud ar bith cosamhail le fiachailt” ars’ seisean.
Rinneadh réidh na h-éanlaith dó agus thoisigh sé dhá n-ithe. Nuair a bhí scór ithte aige dubhairt sé leis an maighistir go rabh na cosa ag teacht aníos in a sgeadamán. Chuir na fir eile ceist caidé dubhairt sé. “Tá” arsa seisean “dubhairt sé go mbéadh sé ábalta cheann agus fiche eile a ithe.
Bheir na fir air an ceann a bhí fágtha agus chaith siad amach ar an fhuinneóig í. Bhain an maighistir an geall agus fuair sé na cúig chéad púnnta.- Collector
- Máire Ní Bhriain
- Gender
- Female
- Age
- 13